Buaicphointí BHABHTA 11 den Guinness PRO14

Anna Egan
14 February 2020

Share this article

I ndiaidh dhá bhabhta de Chraobh na Sé Náisiún is ar an Guinness PRO14 atá ár n-aird anois dírithe an deireadh seachtaine seo Beidh Mumha, Connachta agus Laighin ag imirt sa bhaile agus rachaidh Ulaidh chuig an mBreatain Bheag le haghaidh a thabhairt ar na Ospreys.

 

Buaicphointí BHABHTA 11 den Guinness PRO14

MUMHA V SOUTHERN KINGS Dé hAoine an 14/02/2020 ar TG4

 

An uair dheireanach sa Guinness PRO14, fuair Ulaidh an ceann is fearr ar Mhumha agus iad as baile i Staid Kingspan 38-17. Sa tsraith deiridh thug na Southern Kings aghaidh ar na Toyota Cheetahs faoi dhó, agus d’fhulaing siad briseadh croí nuair a chaill siad sa chúpla nóiméad deiridh sa bhaile 30-31 agus chuir na Cheetahs drochbhail ar na Kings sa chluiche athbhabhta i Staid Toyota, 45-0. Cuirfidh Mumha fáilte roimh na Southern Kings go dtí Páirc Irish Independent, tá foireann Johann Van Graan sa tríú háit i nGrúpa B le 30 pointe acu. Cé nár éirigh leo san Eoraip, an t-aon uair le 22 bliain nár éirigh leo na babhtaí ceathrú ceannais a baint amach, tá siad anois ábalta a n-aird a dhíriú ar an Guinness PRO14.

Tá foireann Robbie Kimpson thíos ag íochtar Ghrúpa B, gan acu go dtí seo ach bua amháin, cé go raibh iomaíocht mhór ag baint leo an séasúr seo. Chaill na Southern Kings 20-31 in aghaidh Mumha nuair chuireadar fáilte roimh an gcúige as Éirinn chuig Staid Chuan Nelson Mandela i mbabhta 2 den Guinness Pro 14 i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Beidh na Kings ag súil leis an gceann is fearr a fháil den chéad uair in aghaidh chinn feadhna na hÉireann agus an bhearna atá idir iad agus Benetton, atá sa séú háit, a laghdú.

Beidh buaicphointí an chluiche ar TG4 ag 11:00pm oíche Dé hAoine agus is é Seán Ó Féinneadha a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

CRAOLADH BEO ar BHABHTA 11 den Guinness PRO14

CONNACHTA V CARDIFF BLUES Dé Sathairn an 15/02/2020 ar TG4

 

Cuirfidh Connachta fáilte roimh Cardiff Blues sa Sportsground tráthnóna Dé Sathairn. Cé nár imir Connachta go maith in aghaidh a dtrí chéilí comhraic sna cúigí thar tréimhse na Nollag, beidh said ag súil le bheith ar ais ar a seanléim arís sa chomórtas. Tá siad sa cheathrú háit faoi láthair le 25 pointe agus níl siad ach pointe amháin chun cinn ar na Blues. Cuireadh amach as Corn na Seaimpíní iad agus gan ach dhá bhua acu sa bhaile in aghaidh Montpellier agus Gloucester.

 

Sa cúigiú háit i nGrúpa B sa Guinness Pro 14 atá Cardiff Blues faoi láthair. Thug said leo cheithre bhua as an gcúig chluiche deiridh a d’imríodar sa chomórtas seo le déanaí agus tá said ag súil anois léim chun tosaigh ar Chonnachta agus an ceathrú háit a bhaint amach. Is ar éigean nár éirigh leo dul ar aghaidh go dtí na babhtaí díbeartha de Chorn Dúshláin na hEorpa agus chríochnaíodar ar 18 bpointe i ngrúpa 5 agus ní bheidh na gortuithe ag cur as chomh mór sin dóibh ó tharla Ryan Edwards ó na Bristol Bears a bheith sínithe leo go dtí deireadh an tséasúir.

Ní raibh de dhifear idir an dá fhoireann an séasúr seo caite ach an buntáiste a fuaireadar ó bheith ag imirt sa bhaile nuair a chas an dá fhoireann ar a chéile sa Guinness Pro 14, is ag Cardiff a bhí an bua i gcomórtas géar 8-7 agus ba ag Connachta a bhí an bua 29-22 sa Sportsground chun iad a thabhairt ar aghaidh go dtí  cluiche ceathrú ceannais chomórtas an tséasúir seo caite.

Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh Rugbaí BEO i láthair, agus is iad Garry Mac Donncha agus Colm de Buitléar, imreoir Chonnacht a bhfuil gortú ag baint dó, a bheidh i mbun tráchtaireachta. Is iad Ronan Loughney agus Michael Swif, iar-imreoirí le Connachta a bheidh i mbun anailíse. Cuirfear tús leis an gcraoladh ar TG4 ag 19:15pm.

 

 

Buaicphointí BHABHTA 11 den Guinness PRO14

LAIGHIN V CHEETAHS Dé Sathairn an 15/02/2020 ar TG4

 

Bhuaigh Laighin a gcluichí go léir in aghaidh Chúigí na Éireann thar tréimhse na Nollag agus an ceann is fearr acu ar Ulaidh, Mumha agus Connachta. Tá Laighin ag baint an-sásamh as an scóráil an séasúr seo agus 51 úd faighte acu agus gan ach 18 n-úd faighte ina n-aghaidh agus níl an chosúlacht air go bhfuil siad chun stop a chur leis an rath sin fós.

D’imir siad ar an gcaoi sin nuair a chuir siad tús lena bhfeachtas Eorpach agus níor bualadh ina ngrúpa ar chor ar bith iad le linn an fheachtais sin. Ní mór d’fhir Leo Cullen a n-aird a dhíriú ar an Guinness PRO14 anois agus fáilte á gcur acu roimh na Toyota Cheetahs chuig an RDS i mBaile Átha Cliath. Fuair Laighin an ceann is fear ar na Cheetahs sa bhaile an séasúr seo caite 19-7 agus beidh siad ag súil sin a dhéanamh arís agus tuilleadh a chur leis an 16 chluiche as a chéile atá buaite go dtí seo acu sa séasúr seo.

Tá na Toyota Cheetahs sa tríú háit i nGrúpa A faoi láthair agus súil acu an bhearna atá idir iad agus Ulaidh a laghdú chun an dara háit a bhaint amach. Chríochnaíodar an séasúr seo caite sa séú háit agus súil anois acu na babhtaí díbeartha a bhaint amach agus críoch níos fearr a chur leis an séasúr seo ná mar a bhí acu i séasúr 2017/18 nuair a bhain siad an cluiche ceathrú ceannais amach. Bhí an-bhua ag na Cheetahs in aghaidh na Southern Kings sa dhá chluiche deireanach a d’imríodar agus beidh muinín acu de bharr an dá bhua sin in aghaidh a gcéilí comhraic ón Afraic Theas agus iad ag cur tús lena dturas in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag.

Beidh Laighin ceall roinnt dá chuid imreoirí tábhachtacha de bharr go bhfuil siad gafa leis an bhfoireann náisiúnta i gCraobh na Sé Náisiún, ach de bharr go bhfuil scuad breá i gcónaí acu, níor cheart go gcuirfeadh sin isteach ar an méid cluichí as a chéile atá buaite acu agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann na Toyota Cheetahs, a mbeidh an chuid is mó dá gcuid imreoirí maithe acu, agus tá súil acu go mbeidh Ruan Pienaar agus an lánchúlaí Rhyno Smith ábalta an cluiche seo a chríochnú ar chomhscór dóibh, Tá cluiche breá amach romhainn san RDS.

Craolfaidh TG4 an chuid is fearr den aicsean ó oíche Dé Sathairn ag 21.45pm agus is é Cuán Ó Flatharta a bheidh i mbun tráchtaireachta.

Buaicphointí BHABHTA 11 den Guinness PRO14

OSPREYS V ULAIDH Dé Sathairn an 15/02/2020 ar TG4

 

Tabharfaidh Ulaidh aghaidh ar na Ospreys ag Staid Liberty. Tá Ulaidh sa dara háit faoi láthair i ngrúpa A, agus tá siad chun cinn ar na Toyota Cheetahs agus iad ag fáil faoi réir do bhabhta a haon déag.

Tá sé deimhnithe ag Dan McFarland go bhfuil conradh sínithe ag Matty Rea chun go mbeidh seisean ag fanacht leis an gcúige go dtí Meitheamh 2022 ar a laghad, agus ina theannta sin, tá conradh trí bliana sínithe ag an imreoir acadaimh Stewart Moore sula ndéanfar imreoir Gairmiúil Sinsearach de an séasúr seo chugainn.

 

Beidh an-mhuinín ag imreoirí Uladh mar gheall gur éirigh leo an bua a bheith acu sa bhaile in aghaidh na Mumhan sa bhabhta roimhe seo. 38-17 an scór deiridh a bhí ar an gcluiche sin. Tá déanta thar barr ag fir Dan Mc Farland ina bhfeachtas san Eoraip agus bhí buanna iontacha acu in aghaidh Bath agus Harlequins sa bhaile agus as baile chomh maith le Clermont a chloí i mBéal Feirste. Cé nár éirigh leo an bua a fháil sa bhaile sa bhabhta ceathrú ceannais, beidh siad ag tabhairt a n-aghaidh ar an bhFrainc chun cluiche dúshlánach go leor a imirt in aghaidh Toulouse, a bhfuil craobh na hEorpa buaite ceithre huaire acu, i Stade Ernest-Wallon.

 

Bhí feachtas díomách go leor ag na Ospreys san Eoraip, áit ar chaill siad gach ceann den 6 chluiche grúpa a bhí acu agus beidh siad ag iarraidh deireadh láidir a chur lena séasúr féin den Guinness PRO14 chun beagán misnigh a thabhairt don fhoireann go léir. Tá margadh dhá bhliain nua le fanacht leis na Ospreys sínithe ag an bprapa a bhfuil an-mheas air Tom Botha agus beidh siad ag súil go mbeidh seisean ábalta filleadh ar an aicsean luath go maith tar éis na hobráide atá le cur ar a mhéar choise. Cé nár éirigh leo ach cluiche amháin a bhuachan sa gcéad deich mbabhta, agus de bharr gur éirigh sé as a bheith ina bhainisteoir orthu i mí na Samhna, beidh siad ag iarraidh cúpla cluiche a bhuachan agus bród as an ngeansaí a spreagadh arís.

 

Beidh buaicphointí ar TG4 ag 21:45pm oíche Dé Sathairn agus is í Máire Ní Bhraonáin a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

Share this article