Cluichí cinniúnacha roimh na cúigí i mbabhta 10

Adam Redmond
03 January 2020

Share this article

Cluichí cinniúnacha roimh na cúigí i mbabhta 10

ULAIDH V MUMHA – DÉ hAOINE

Clúdach iarbheo ar TG4 @ 21:30

Beidh an chéad chluiche den bhliain nua sa tSraith Guinness PRO14 ar an oileán seo ar siúl i mBéal Feirste oíche Dé hAoine nuair a thabharfaidh Mumha aghaidh ar Ulaidh i Staid Kingspan. Chuir an dá thaobh seo tús maith leis an séasúr agus beidh sé i gceist ag an dá fhoireann díobh an bua a fháil agus taispeántas láidir a dhéanamh ar an bpáirc sula bhfileann siad ar Chorn na Seaimpíní an deireadh seachtaine seo chugainn.

An t-aon uair a cloíodh Ulaidh le seacht gcluiche anuas ná nuair a bhí siad ag imirt i mbabhta 8 de Guinness PRO14 san RDS agus d’éirigh le Laighin an ceann is fearr a fháil ar Mhumha i bPáirc Thuamhan.

Bhí an lámh in uachtar ag an bhfoireann baile sa trí chluiche deiridh nuair a himríodh an fhoireann seo, agus níl aon chluiche caillte ag Ulaidh i Staid Kingspan ó Dheireadh Fómhair na bliana 2018. I nDeireadh Fómhair 2016 an uair deiridh a raibh an t-ádh ar Mhumha i mBéal Feirste, áit ar éirigh leo pointe amháin a thabhairt leo.

Beidh Ulaidh ar mhuin na muice mar gheall ar an gcúig úd a scóráil siad an deireadh seachtaine seo caite, an ceann is fearr faighte acu ar Chonnachta, 35-3. Bhí imirt den chéad scoth ó roinnt de na himreoirí, John Cooney, Will Addison, Billy Burns agus laoch na himeartha, Sean Reidy, ina measc.

Tá Mumha ag barr ghrúpa B faoi láthair ach beidh siad díomách nár éirigh leo níos mó pointí a fháil ar chlár na scór tráthnóna Dé Sathairn. Ba é seo an chéad uair ar buaileadh iad i bPáirc Thuamhan le dhá bhliain. Bhain gortuithe do JJ Hanrahan, Dave Kilcoyne, Chris Cloete, agus Kevin O’Byrne chomh maith. Táthar ag súil go mbeidh Joey Carberry ag tosú i ngeansaí a 10 agus go mbeidh Van Graan ábalta roinnt d’imreoirí na Mumhan a bhí ar phainéal Chorn Domhanda na hÉireann a fháil ar ais, Andrew Conway, Keith Earls, Conor Murray, Peter O’Mahony, agus Niall Scannell ina measc. Ní raibh na himreoirí sin ag imirt sa dá chluiche Cúigí i rith na Nollag.

D’éirigh gortú comhtholgtha do Marcell Coetzee le linn an chluiche in aghaidh Chonnacht ag an deireadh seachtaine agus beidh seisean ar leanúint na bprótacal a bhaineann le filleadh ar an imirt. Bhain gortú do bhallnasc rúitín Louis Ludik sa chluiche céanna agus beidh seisean amuigh ar feadh píosa.

Beidh clúdach iarbheo iomlán ar TG4 oíche Dé hAoine ag 21:30 agus is iad Cuán Ó Flatharta agus Eamonn Molloy a bheidh i mbun tráchtaireachta.


LAIGHIN V CONNACHTA – DÉ hAOINE

Clúdach iarbheo ar TG4 @ 19:30

Tráthnóna Dé Sathairn, beidh foireann Chonnacht ag dul chomh fada leis an RDS le haghaidh a thabhairt ar Laighin, foireann a mbeidh sé an-deacair iad a chloí.

Tá ag éirí thar cionn ar fad le foireann Laighean i mbliana agus an 9 gcinn de chluichí Guinness PRO14 buaite acu agus beidh siad ag iarraidh an áit atá acu ag barr Ghrúpa B a dhaingniú tuilleadh agus bua a fháil ar a gcéilí comhraic Cúigí. D’éirigh le foireann Leo Cullen foireann láidir na Mumhan a chloí i bPáirc Thuamhan ag an deireadh seachtaine agus beidh siadsan ag súil go mór le taispeántas den scoth a chur ar siúl os comhair an lucht leanúna sa bhaile.

Níor éirigh le Connachta an bua a fháil i mBaile Átha Cliath ón mbliain 2002 agus is beag nár éirigh leo sin a dhéanamh an séasúr seo caite, ach chuir úd deireanach ó Andrew Porter deireadh leis an mbua stairiúil a bheadh ag na cuairteoirí. Ní dheachaigh cluichí na gCúigí ag an Nollaig mar a bhí beartaithe do Chonnachta agus an ceann is fearr faighte ag Mumha agus ag Ulaidh orthu. Níl an méid gortuithe a bhain de phríomhimreoirí na foirne ag tabhairt cúnamh ar bith do Andy Friend – tá seachtar déag ar an taobh líne an tseachtain seo.  Tá Connachta sa cheathrú háit i nGrúpa B ach níos tábhachtaí ná sin níl ach cúig phointe idir iad féin agus barr an ghrúpa agus beifear ag iarraidh bua gan choinne a fháil.

Cé gur baineadh Jamison Gibson-Park den pháirc le linn an chluiche in aghaidh na Mumhan mar gheall nach raibh sé ag aireachtáil go maith, táthar ag súil go mbeidh seisean ar ais ar a sheanléim an tseachtain seo. Scéala maith é go mbeidh Joe Tomane ar ais ag seisiúin iomlána traenála an tseachtain seo agus é tagtha chuig féin ón ngortú i dteannán a ioscaide. Maidir le himreoirí gortaithe Chonnacht, beidh obráid le cur ar lámh Quinn Roux agus ciallaíonn sé sin nach mbeidh seisean ar ais i mbun traenála arís go mí Feabhra.

Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh Rugbaí BEO i láthair, agus is iad Garry Mac Donncha agus Eoghan Ó Neachtain a bheidh i mbun tráchtaireachta. Is iad Ronan Loughney, iar-imreoir le Connachta agus le hÉirinn, agus Jenny Murphy, trícheathrúnach na hÉireann, a bheidh i mbun anailíse. Cuirfear tús leis an gcraoladh ar TG4 ag 19:30

Share this article