Leis na Nollag Derbies faoi lán seoil, léigh anseo na réamhamhairc don deireadh seachtaine seo.

Anna Egan
23 December 2019

Share this article

Clúdach iarbheo iomlán ar TG4 @ 21:30

ULAIDH v CONNACHTA – DÉ hAOINE 27/12/19

An uair dheireanach i mbabhta 8 den Guinness PRO14, d’éirigh le Cúige Laighean an ceann is fearr a fháil ar Ulaidh 54-42. Cé nár imir Connachta go maith in aghaidh na Muimhnigh i mbabhta 8 sa Guinness PRO14, beidh Connachta ag súil le bheith ar ais ar a seanléim arís sa chomórtas. Tá siad sa dara háit faoi láthair le 25 bpointe

Is ag Ulaidh a bheidh an buntáiste sa chéad sraith eile na gCúigí i mbabhta 9 den Guinness PRO 14 ó tharla iad a bheith ag imirt sa bhaile. Níl foireann Dan McFarland cloíte ag aon fhoireann sa bhaile an séasúr seo, tá 4 chluiche buaite acu sa Guinness PRO14 agus 2 chluiche i gCorn Seaimpíní Heineken. Cuirfidh siad fáilte roimh Chonnachta chuig an Kingspan ar oíche Dé hAoine, agus an uair deiridh a casadh an dá thaobh seo ar chéile i rith shéasúr na bliana seo caite, sna babhtaí ceathrú ceannais, is iad Ulaidh a thug leo an cluiche crua sa Kingspan, cé gur ar éigin ar éirigh leo an bua sin a bhaint amach – 21-13 an scór a bhí ansin. Is ar an bpáirc chéanna a tharla buaicphointe fheachtais Chonnacht le linn shéasúr na bliana seo caite. Bhí 58 bliain caite ó bhain an fhoireann aon bhua amach i mBéal Feirste agus fuair siad bua stairiúil i mí Dheireadh Fómhair seo caite, 22 – 15 an scór a bhí ann agus ba údar gaisce an 21 – 12 ag Connachta an t-am seo anuraidh sa gcluiche taca sa Sportsground.

Ní bheidh aon easpa muiníne ag Connachta agus tús dearfach curtha acu leis an séasúr. Beidh tábhacht mhór ag baint le cumas na n-imreoirí idirchúigeacha an fód a sheasamh le linn na Nollag, beidh ar an dá chóitseálaí sealaíocht a dhéanamh ar a chéile le linn an sceidil ghnóthaigh, ag déileáil lena ngealltanais san Eoraip agus ag tabhairt faoin gcéad áit a bhaint amach i nGrúpa B agus iad ag tabhairt aghaidh ar Mhumha, ar Dhún Éideann agus na Scarlets chun an babhta leathcheannais a bhaint amach sa bhaile.

Beidh clúdach iarbheo iomlán ar TG4 oíche Dé hAoine ag 21:30 agus is iad Aonghus Ó hEochaidh agus Colm De Buitléar a bheidh i mbun tráchtaireachta.

 

MUMHA v LAIGHIN – DÉ SATHAIRN 28/12/2019

Clúdach iarbheo iomlán ar TG4 @ 20:00

An uair dheireanach i mbabhta 8 den Guinness PRO14, d’éirigh le na Muimhnigh an ceann is fearr a fháil ar Chonnacht 14-19. Bhí Laighin i bhfad ró-láidir do na hUltaigh an uair dheireanach a casadh ar a chéile iad i mbabhta 8 sa Guinness PRO14. Níl aon bhua faighte go dtí seo sa chomórtas ar na seaimpíní reatha.

Beidh dúshlán mór roimh fhir na Mumhan, tá na curaidh reatha, Laighin chun tosaigh go maith i nGrúpa A agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar Pháirc Thuamhan tráthnóna Dé Sathairn agus beidh siad ag tnúth le haghaidh a thabhairt ar an gcéile comhraic is fíochmhaire acu.

Faraor, cuirfidh Sainordú an IRFU isteach ar chumas an dá fhoireann an chuid is mó dá gcuid imreoirí a bhí ag imirt sa Chorn Domhanda le gairid a chur chun páirce agus scíthe coicíse ag teastáil ó na himreoirí sin anois.  Níl ticéad ar bith fanta don chluiche idir Mumha agus Laighin i bPáirc Thuamhan agus díoladh an 26,267 ticéad sin san am is tapa fós.

Thug an dá fhoireann seo aghaidh ar a chéile sa bhabhta leathcheannais an séasúr seo caite nuair a scóráil Seán Cronin agus James Lowe ar an lá chun an bua a chinntiú – 24-9 an scór a bhí ann. Cinn ar Mhumha an ceann is fearr a fháil ar chosaint Laighin agus beidh súil acu go dtacóidh tionchar an chóitseálaí shinsearaigh Stephen Larkham leis an gcosaint a bhriseadh síos an t-am seo.

Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill a chuirfidh Rugbaí BEO i láthair, agus is iad Garry Mac Donncha agus Eoghan Ó Neachtain a bheidh i mbun tráchtaireachta. Iar-imreoir na Mumhan agus na hÉireann Marcus Horan agus Bainisteoir Forbartha Cóitseálaithe Chonnacht Eamonn Molloy a bheidh i mbun anailíse ar an lá. Cuirfear tús leis an gcraoladh ar TG4 ag 20:00.

Share this article