Tosaíonn na Derbies na hÉireann oíche Dé hAoine – Léigh an t-eolas ar fad atá uait anseo.

Anna Egan
19 December 2019

Share this article

Beidh na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile i mBabhta 8 den Guinness PRO14, ag tosú le Cúige Laighean in aghaidh na hUltaigh. Ansin tabharfaidh na Muimhnigh agus na Connachtaigh faoina chéile.

Laighin V Ulaidh – DÉ hAOINE 20/12/19

Clúdach iarbheo ar TG4 @ 21:30

Agus dhá bhua i ndiaidh a chéile faighte ag Laighin i gCorn Seaimpíní Heineken in aghaidh Northampton, atá chun cinn i bPríomhroinn Gallagher, agus cé go bhfuil áit bainte amach acu sna babhtaí ceathrú ceannais agus dhá bhabhta le spáráil acu, beidh siad ag iarraidh díriú arís ar chraobhchomórtas PRO14 Guinness agus iad ag fáil faoi réir le haghaidh a thabhairt ar a gcéile comhraic Cúigí, Ulaidh, san RDS Dé hAoine (20/12/19). Sa chluiche deiridh a d’imríodar sa PRO14 Guinness, chuir Laighin leis an bhfarasbarr a bhí acu i nGrúpa A go dtí 8 bpointe lena gcéad bhua ar Ghlaschú i Scotstoun ón mbliain 2012, agus dá bhrí sin tá seacht gcluiche as seacht buaite anois acu as a chéile.

Tá Laighin ag barr chairteacha PRO14 Guinness arís leis an méid is mó d’úid scóráilte (34) agus an méid is lú d’úid tugtha uathu acu (11).

Beidh dúshlán mór roimh Ulaidh in aghaidh na seaimpíní go háirithe nuair a bhuail Laighin go dona iad 40-7 nuair a thug an dá fhoireann aghaidh ar a chéile san RDS i mí Eanáir. Ach an méid sin ráite, beidh roinnt muiníne acu arís ón mbua a bhí acu san athbhabhta sa Kingspan – cé gur ar éigin ar éirigh leo an bua sin a bhaint amach – 14-13 an scór a bhí ansin.

Beidh UIaidh sásta leis an tús dearfach atá curtha acu leis an séasúr, gan iad cloíte ag aon fhoireann sa Kingspan agus é taispeánta ag John Cooney arís, atá ag imirt thar cionn, gur féidir leis a bheith ina laoch nuair a scóráil sé cic pionóis sa nóiméad deiridh chun an bua a sciobadh ó na Harlequins sa Kingspan. 25-24 an scór deiridh a bhí sa chluiche sin i mbabhta 3 de chluichí na hEorpa. D’éirigh le Cooney an beart a dhéanamh arís nuair a bhí siad ag imirt as baile sa Twickenham Stoop nuair a scóráil sé dhá úd. D’éirigh le hUlaidh bua pointí bónais (10-34) a bhaint amach agus fágann sin go bhfuil siad ag barr ghrúpa 3 tar éis bhabhtaí mhí na Nollag. Tá siad 8 bpointe áfach taobh thiar de Laighin agus iad sa dara háit i nGrúpa A i gCraobhchomórtas PRO14 Guinness agus is é an cluiche a bheidh acu i gcoinne na seaimpíní reatha an cluiche is deacra a bheith le himirt acu go dtí seo.

Beidh ardú croí ag Laighin mar gheall ar an mbua a bhí acu san Eoraip agus 14 úd cruinnithe acu in aghaidh Northampton sa dá bhabhta. D’imir Garry Ringrose thar barr uile agus d’éirigh leis trí úd a scóráil sa chluiche ag baile san Aviva.

Sula n-imrítear an cluiche Dé hAoine, d’eisigh Laighin eolas faoin scuad i rith na seachtaine ina luaitear gur bhain cos éagtha leis an leathchúlaí amuigh Ross Byrne i rith an chluiche in aghaidh Northampton Saints agus go mbeidh measúnú breise le déanamh níos déanaí sa tseachtain. Tá Johnny Sexton in ainm is speisialtóir a fheiceáil faoin ngortú a bhain dá ghlúin agus gortaíodh lámh Rónan Kelleher i gcluiche Bhabhta 3 in aghaidh na Saints agus beidh seisean as an áireamh go ceann ceithre go dtí sé seachtaine.

Connachta V Mumha – DÉ SATHAIRN 21/12/19

Clúdach BEO ar TG4 @ 16:45

I mbabhta 3 de Chorn Seaimpíní Heineken, d’éirigh le Mumha bua tábhachtach a aimsiú sa bhaile i gcoinne na seaimpíní reatha Saracens. Is é an captaen, Peter O’Mahony a scóráil an t-aon úd a scóráladh sa chluiche. Ní hamhlaidh an scéal i bPáirc Allianz áfach agus turas in aisce déanta ag Munster cé go raibh sciob sceab i gceist in aghaidh na seaimpíní reatha sa chéad 60 nóiméad den chluiche. Cluiche thar a bheith deacair a bhí ann agus thit an tóin astu sna 20 nóiméad deiridh nuair a scóráil Sean Maitland agus Mako Vunipola úd an duine.

Cuireadh tús le feachtas Eorpach Chonnacht as baile in aghaidh Gloucester agus de bharr nár imríodar go maith sa dara leath cloíodh iad 26-17. Scéal eile a bhí i gceist leis an athbhabhta sa Sportsground nuair a fuair Connachta bua den scoth ar Gloucester. Ba é Robin Copeland laoch na himeartha nuair a d’éirigh leis úd a scóráil san 80ú nóiméad agus bua 27-25 a chinntiú don fhoireann baile.

Sa chluiche deiridh a d’imríodar sa Guinness PRO14, cloíodh Mumha i gCorcaigh den chéad uair le trí bliana. Ba é an chéad uair é ó 2004 a bhfuair Dún Éideann an ceann is fearr ar Mhumha ar Pháirc Irish Independent. Beidh trúpaí Johann Van Graan ag iarraidh a bheith ar ais ar a seanléim sa chomórtas arís nuair a thabharfaidh siad a n-aghaidh ar an Sportsground Dé Sathairn nuair a thabharfaidh an dá fhoireann atá ag barr an ghrúpa sin aghaidh ar chéile. Tá údar gaisce faoi láthair ag Mumha de bharr gur éirigh leo dhá bhua a fháil ar Chonnachta an séasúr seo caite. D’éirigh leo bua pointí bónais 24-31 a chruinniú sa Sportsground agus bua níos éasca 27-14 a fháil orthu i bPáirc Thuamhan ach an méid sin ráite beidh Connachta ag iarraidh cur leis an mbua pointí bónais a fuair siad ar na Isuzu Southern Kings (24-12) agus, de bharr nach bhfuil ach pointe bónais amháin idir na foirne, beidh siad ag iarraidh áit na Mumhan ag barr Ghrúpa B a bhaint amach.

Tá gortú de ghrád íseal ag baint do mhatán aduchtach Peter O’Mahoney, a cuireadh as an áireamh le linn an réamhchluiche in aghaidh Saracens agus tá a rúitín briste ag Tadhg Beirne agus caithfidh seisean dul faoi scian. Bhain John Ryan stangadh as a cholpa in aghaidh Saracens agus beidh ar Andrew Conway, a tógadh amach le haghaidh HIA sa dara leath, cloí leis na prótacail a bhaineann le filleadh ar an imirt.  Is deá-scéala do Mhumha é go mbeidh Dave Kilcoyne (colpa) agus Jeremy Loughman (rúitín) ar ais ag traenáil leis an scuad an tseachtain seo.

 

 

 

Share this article