Beidh Guinness PRO14 ar ais an deireadh seachtaine seo i ndiaidh coicís de chomórtais Eorpacha. Beidh Mumha, Connachta agus Ulaidh ag imirt sa bhaile agus rachaidh na curaidh reatha Laighin chomh fada le Glaschú.

Anna Egan
28 November 2019

Share this article

Beidh Guinness PRO14 ar ais an deireadh seachtaine seo i ndiaidh coicís de chomórtais Eorpacha. Beidh Mumha, Connachta agus Ulaidh ag imirt sa bhaile agus rachaidh na curaidh reatha Laighin chomh fada le Glaschú.

 

BHABHTA 7 den Guinness Pro 14

MUMHA V DÚN ÉIDEANN Dé hAoine an 29/11/2019

 

An uair dheireanach i mbabhta 6 den Guinness PRO14, d’éirigh le Mumha an ceann is fearr a fháil ar Ulaidh 22-16, a bhuíochas don úd álainn a scóráil cliathánaí na hÉireann Andrew Conway.

Cuirfidh Mumha fáilte roimh Dhún Éideann go dtí Páirc Irish Independent agus is iad Mumha atá ag barr Ghrúpa B le 24 pointe. Bhí bua le pointe bónais ag foireann Johann van Graan ar na Ospreys i mbabhta 1 de Chorn na Seaimpíní  agus chríochnaigh siad ar chomhscór i bPáirc Thuamhan nuair a chuir siad fáilte ar ais roimh Donncha Ryan agus Simon Zebo atá ag imirt le Racing 92 anois.

Ba é cluiche Dé Sathairn in aghaidh Racing 92 an cluiche deiridh ag Alby Mathewson le Mumha. Tá an leathchúlaí clibirte ag imeacht agus tá imeartha go maith aige ó thosaigh sé leis an bhfoireann i Lúnasa 2018.

Tá foireann Richard Cockerill sa tríú háit i nGrúpa B agus ceithre chluiche as sé cinn buaite acu go dtí seo. Chríochnaigh Dún Éideann ar chomhscór in aghaidh Bordeaux i mbabhta a haon sa chorn dúshláin agus d’éirigh leo bua maith a fháil ar Agen i Stade Armandie an tseachtain seo caite.

Casadh an dá fhoireann ar a chéile anuraidh i mbabhta 10 den Guinness PRO 14 ag Páirc Irish Independent áit a bhfuair Mumha bua láidir 44-14 orthu. D’éirigh le Keith Earls 3 úd a fháil sa chéad leath.

 

 

BHABHTA 7 den Guinness Pro 14

ULAIDH V SCARLETS Dé hAoine an 29/11/2019

 

Beidh Ulaidh le Scarlets i Staid Kingspan oíche Dé hAoine. Tá Ulaidh sa dara háit faoi láthair i ngrúpa A, 3 phointe chun tosaigh ar na Toyota Cheetahs agus iad ag fáil faoi réir do bhabhta a seacht.

Tá sé deimhnithe ag Ulaidh go bhfuil síneadh dhá bhliain curtha ag Marty Moore lena chonradh, agus fanfaidh seisean mar sin leis an gcúige go dtí samhradh na bliana 2022. Is é Moore an tríú duine, i ndiaidh Rob Lyttle agus Billy Burns, a bhfuil gealltanas tugtha aige d’Ulaidh go ceann roinnt blianta agus conradh sínithe aige.

An uair dheireanach sa Guinness PRO14, fuair Mumha an ceann is fearr as baile ar Ulaidh 22-16.

Cé gur buaileadh an uair sin iad, bhí tús iontach curtha ag fir Uladh lena bhfeachtas Eorpach nuair a bhuaigh siad as baile in Bath agus fuair siad bua suntasach ar Clermont 18-13 i Staid Kingspan ag an deireadh seachtaine. Bhí tionchar mór ag John Cooney ar na buanna sin agus beidh sé ag iarraidh go n-éireoidh le Conor Murray geansaí uimhir a naoi d’Éirinn a bhaint amach.

Coicís ó shin, chuir Scarlets tús lena bhfeachtas sa Chorn Dúshláin i Parc y Scarlets le bua 20-16 sa bhaile acu in aghaidh London Irish ach fuair RC Toulon an ceann is fearr orthu thall san Fhrainc 17-16.

An uair dheireanach a casadh na foirne seo ar a chéile sa Kingspan, fuair Ulaidh bua drámatúil ar na Scarlets leis an scór 15-13.

BHABHTA 7 den Guinness Pro 14

CONNACHTA V SOUTHERN KINGS Dé Sathairn an 30/11/2019

 

Cuirfidh Connachta fáilte roimh na Southern Kings sa Sportsground tráthnóna Dé Sathairn. Cé nár imir Connachta go maith in aghaidh Laighean i mbabhta a sé sa Guinness PRO14, beidh Connachta ag súil le bheith ar ais ar a seanléim arís sa chomórtas. Tá siad sa tríú háit faoi láthair le 19 bpointe.

Fuair na Southern Kings bua stairiúil as baile den chéad uair in aghaidh na Ospreys i mbabhta a sé den Guinness PRO14. Beidh foireann na Kings, atá ag dul i neart arís, ag iarraidh bua eile a bhaint amach le go mbeidh dhá bhua as a chéile acu sa chomórtas.

Tá an bua faighte ag foireann Andy Friend an dá uair ar casadh na Kings orthu ó thosaigh siad i gcomórtas an PRO14 i samhradh na bliana 2017.

Chuir Connachta tús lena bhfeachtas féin san Eoraip le bua thar barr uile sa bhaile in aghaidh Montpellier ach cé gur imir siad go maith i mbabhta a dó, d’éirigh le Toulouse iad a chloí 32-17 ag Stade Ernest Wallon ag an deireadh seachtaine.

 

 BHABHTA 7 den Guinness Pro 14

GLASCHÚ V LAIGHIN Dé Sathairn an 30/11/2019

 

Bhí Laighin i bhfad ró-láidir ag Connachta an uair dheireanach a casadh ar a chéile iad i mbabhta a sé sa Guinness PRO14. Níl aon bhua faighte go dtí seo sa chomórtas ar na seaimpíní reatha, agus níl caillte acu go dtí seo ach point bónais amháin. Tá 29 as 30 pointe buaite ag Laighin go dtí seo agus is acu is mó a bhfuil úid scóráilte sa chomórtas go dtí seo, 32 úd ar an iomlán agus níl scóráilte ina n-aghaidh ach 9 n-úd.

D’imir siad ar an gcaoi sin nuair a chuir siad tús lena bhfeachtas Eorpach agus chloígh siad Benetton Rugby san RDS agus thug siad sárthaispeántas cosantach ar an bpáirc nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Lyon as baile. Ní mór d’fhir Leo Cullen díriú anois ar an Guinness PRO14 agus iad ag tabhairt a n-aghaidh anonn ar na Glasgow Warriors i Scotstoun. Bhí an dá fhoireann in aghaidh a chéile sa PRO14 anuraidh i Celtic Park, agus is ag Laighin a bhí an bua an lá sin le trí phointe, chríochnaigh an cluiche sin 18-15. Chuir Glaschú tús lena bhfeachtas Eorpach le bua sa bhaile in aghaidh Sale Sharks, ach fuair Exeter Chiefs an lámh in uachtar orthu i mbabhta a dó ag Sandy Park 34-18.

Bhí Fergus McFadden ar ais i mbun traenála arís ar an bpáirc an tseachtain seo caite, cuirfidh Joe Tomane lena ualach oibre an tseachtain seo i ndiaidh mionghortú do theannán na hioscaide a bhain dó, agus beidh Rory O’Loughlin ar ais i mbun traenála ar an bpáirc arís an tseachtain seo i ndiaidh gortú gualainne a bhain dó in aghaidh Benetton. Is í an nuacht mhór atá tagtha ó champa Ghlaschú ná go bhfuil Danny Wilson ceaptha ina Phríomhchóitseálaí ar Glasgow Warriors agus conradh dhá bhliain tugtha dó roimh an gcéad séasúr eile. Is é Dave Rennie a bheidh i gceannas ar an Astráil.

Share this article