Féasta rugbaí romhainn an seachtain seo agus na cúigí i gcoimhlint lena chéile. Ní amháin go bhfuil na comharsana ag castáil ar a chéile ach tá na ceithre foirne ar bharr Rann A agus Rann B tar éis cúig chluiche den Guinness PRO14

Anna Egan
08 November 2019

Share this article

Féasta rugbaí romhainn an seachtain seo agus na cúigí i gcoimhlint lena chéile. Ní amháin go bhfuil na comharsana ag castáil ar a chéile ach tá na ceithre foirne ar bharr Rann A agus Rann B tar éis cúig chluiche den Guinness PRO14

Connachta v Laighin

Tá na Connachtaigh ag imirt go maith i mbliana. Bhí droch thús sraithe acu nuair bhuail na Scarlets iad san chéad chluiche 18 – 10. Bhuail siad Benetton, na Dragons, na Cheetahs agus na Ospreys an deireadh seachtaine seo caite sa Bhreatain Bheag. B’iad Niyi Adeolokun agus Peter Robb a fuair na húid agus tá siad san dara háit i Rann B, pointe amháin taobh thiar de Chúige Mumhan.

Beidh slua ollmhór sa Sportground don chluiche seo i gcoinne na seaimpíní, Laighin. Bhuaigh Cúige Chonnacht  trí chluiche as cúig sna cluichí idir na foirne seo le roinnt blianta anuas – agus beidh cuimhne ag go leor ar a mbua dheiridh sa Sportsground i gcoinne Laighin.

Ba é sin cluiche deiridh John Muldoon do Chúige Chonnacht ocht mí dhéag ó shin agus bhí an bhua acu 47 – 10. Ach tá an dá chluiche deiridh idir na foirne seo buaite ag Laighin.

Níor buaileadh Cúige Laighean san Guinness PRO14 i mbliana go fóill. Fuair siad pointe bónais i ngach cluiche acu sin seachas, aisteach go leor, i gcoinne Zebre.  Bhuail siad na Dragons an deireadh seachtaine seo caite 50 – 15. Beidh siad ag súil go mbeidh na himreoirí idirnáisiúnta ar ais don chluiche seo. Chomh maith le sin, tá Ciaran Falvey ar ais ag imirt tar éís gortú.  Bhí Hugo Keenan agus Ed Byrne ar ais i mbun traenála an tseachtain seo ach tá Fergus McFadden, Seán Cronin, Jack Conan, Barry Daly agus Dan Leavy ar fad gortuithe agus ní bheidh siad ar fáil don dearbaí seo.

 

Mumha v Ulaidh

Bhí bua mhór le pointe bónais ag Cúige Mumhan an deireadh seachtaine seo caite nuair a bhuail siad na Cardiff Blues sa Bhreatain Bheag le deich bpointe, 33 – 23. Ba é J J Hanrahan laoch an chluiche, scóráil sé trí phointe dhéag.

Ní raibh cluiche buaite ag na Muimhnigh i bPáirc Cardiff Arms Park le dhá bhliain roimhe sin. Chinntigh an bhua sin go bhfuil siad ag barr Rann B le fiche pointe sraithe, pointe amháin chun cinn ar Chúige Chonnacht ar theip orthu pointe bónais a fháil i gcoinne na Ospreys.

Beidh na himreoirí idirnáisiúnta, dáréag acu ar fad, ar ais le Cúige Mumhan don chluiche seo i bPáirc Thuamhumhain ar an Satharn.

Agus gan dabht, beidh siad bródúil go raibh ceathrar den fhoireann bhainistíochta a bhí le Cúige Mumhan, iarbainisteoir Rassie Erasmus chomh maith le Felix Jones, Jacques Nienaber agus Aled Walters i mbun fhoireann na hAfraice Theas a bhuaigh Craobh Rugbaí an Domhain an Satharn seo caite.

Tá Cúige Uladh san dara háit i Rann A ach níor imir siad ró-mhaith i gcoinne Zebre an deireadh seachtaine seo caite. Bhuail siad lucht na hIodáile 22 – 7.

Bhí siad ag imirt sa mbaile, theip orthu pointe bónais a bhaint amach agus tá Zebre ag bun Rann A le dhá phointe sraithe. Níos measa fós, ghortaigh Will Addison a lámh sa chluiche sin agus tá amhras mór an mbeidh se in ann a dhul na páirce Dé Satharn. Níor chaill siad ach cluiche amháin an séasúr seo nuair bhuail na Cheetahs iad san Afraic Theas.

Share this article