Tá na cúigí ag tabhairt aghaidh ar bhabhta trí den Guinness PRO14 an tseachtain seo

Adam Redmond
10 October 2019

Share this article

Tá na cúigí ag tabhairt aghaidh ar bhabhta trí den Guinness PRO14 an tseachtain seo

Laighin v Edinburgh – Dé hAoine

Bhuaigh curadh reatha Cúige Laighean a gcéad dá cluiche an séasúr seo, In ainneoin go bhfui ceathrar déag dá gcuid imreoirí sa tSeapáin, tá an chéad dá chluiche sin buaite acu le poinntí bónais. Bhí coimhlint ghéar acu san Iodáil i mBabhta a hAon nuair a bhuail siad Benetton 32 – 27 ach an deireadh seachtaine seo caite fuair siad an dara pointe bónais san RDS nuair a bhuail siad na hOspreys 53 – 5. San chluiche sin, scóráil Ronan Kelleher trí úd, an chéad uair gur scóráil sé úd don fhoireann sinsir.
Bhuaigh Edinburgh a gcéad dá chluiche freisin. Fuair siad pointe bónais san chéad chluiche nuair a bhuail siad Zebre 50 – 15 agus an deireadh seachtaine seo caite rinne siad an turas go Cardiff agus bhuaigh siad 19 – 11.

Níor imir Ed Byrne cluiche fós an séasúr seo mar gheall ar ghortú muiníl. D’fhill James Lowe ar ais chuig na bpáirc I gcoinne na Opsreys théis gortú gualainne.

Tá Barry Daly (glúín) agus Dan Leavy (glúin) fós gortuithe agus ní bheidh Ciarán Frawley ar fáil ach a n-oiread mar gheall ar ghortú rúitín.


Dragons v Connachta – Dé hAoine

Bhí a gcéad bhua an séasúr seo ag Connachta an deireadh seachtaine seo caite, bhuail siad Benetton 41 – 5. Bhí na deartháireachta, Conor agus Stephen Fitzgerald agus Eoghan agus Seán Masterson ar fhoireann Chúige Chonnacht, lá speisialta dóibh. Bhuail na Scarlets iad I Parc y Scarlets i mBabhta a hAon 18 – 10.

Sa mbaile I Rodney Parade a bheas na Dragons gus iad ag cur fáilte roimh Cúige Chonnacht.Ní raibh cluiche buaite as baile ag na Dragons le cheithre bliana go leith anuas – ach an deireadh seachtaine seo caite, bhí siad san Iodáíl agus bhuail siad Zebre 52 – 28. Chaill siad a gcéad chluiche sraithe i bPáirc Thuamhumhan. Mar sin, bhí cóitséalaí nua na Dragons, Dean Ryan, thar a bheith sásta go raibh cluiche as baile buaite acu.


Toyota Cheethas v Mumha – Dé hAoine

Tá an chéad dá chluiche den Guinness PRO14 i mbliana buaite ag Cúige Mumhan. Bhuail siad na Dragons i Luimneach sa chéad chluiche 39 – 9 agus an deireadh seachtaine seo caite san Nelson Mandela Bay Stadium, bhuail siad na Cheethas 31 – 20. Mar sin tá Cúige Mumhan thar a bheith sásta – dhá chluiche buaite acu, dhá phonte bónais faighte acu agus go leor leor dá gcéad fhoireann ar dualgas sa tSeapáin. Ach tá dúshlán mór os a gcoinne an deireadh seachtaine seo nuair a chasfaidh siad ar na Toyota Cheethas san Aifric Theas. Tá an chéad dá chluiche buaite ag na Chetthas freisin. Bhuail siad Glasgow i mBabhta a hAon 48 – 14 agus an deireadh seachtaine seo caite bhuail siad Cúige Uladh 63 – 26.

Tá tús maith curtha le comórtas na bliana seo ag na Toyota Cheetahs, 10 pointe aimsithe acu agus níl aon deacracht acu ó thaobh úd a aimsiú, 16 go dtí seo an líon is mó sa chomórtas.


Isuzu Southern Kings v Ulaidh – Dé Sathairn

Ba é cliathánaí na Toyota Cheethas, Anthony Volmink, an laoch an deireadh seachtaine seo caite, scóráil sé trí úd nuair a bhuail na Cheethas Ulaidh in Bloemfontein leis an scór 63 – 26 san dara babhta cluichí san Guinness PRO14. Scóráil na Cheethas naoi n-úd sa chluiche sin. Ba é sin an chéad uair a bhuail siad Ulaidh san Pro 14 agus chomh maith leis sin ba é an scór a b’airde a fuair siad san Guinness PRO 14.
Níor bhain na Southern Kings cluiche go fóill san Guinness PRO14 an séasúr seo. Is é seo an triú cluiche as a chéile sa mbaile acu – bhuail Cardiff iad sa chéad chluiche 31 – 27 agus bhuail Cúige Mumhan iad an deireadh seachtaine seo caite, 31 – 20. Tá deis ag na hUltaigh rudaí a chur ina gceart i gcoinne na Southern Kings, toradh dearfach a bhaint amach agus iad ag taisteal ar ais go dtí Staid Kingspan.

Share this article