Bígí ag súil le sáriomaíocht agus coimhlint chrua sna babhtaí leathcheannais Guinness PRO14.

Harry Everett
16 May 2019

Share this article

Is cinnte go mbeidh sárchluichí againn an deireadh seachtaine seo agus go mbeidh dian-iomaíocht ann sna cluichí leathcheannais.

Glasgow v Ulaidh – Dé hAoine 19:35

Tá sé chluiche déag buaite ag foireann Dave Rennie sa PRO14 go dtí seo chun agus tá siad ag lorg an seachtú bua déag agus áit sa chluiche ceannais don chéad uair ó 2015.

Bhí seasúr iontach ag na hUltaigh go dtí seo ag críochnú sa dara áit i Rann B taobh thiar de na seampíní Cúige Laighean.

Dheimhnigh Cúige Uladh an tseachtain seo go mbeidh Matt Faddes ón fhoireann Super Rugbaí na Highlanders ag imirt leo ón bhliain seo chugainn.

Scóráil an t-imreoir seacht mbliana agus fiche ón Nua Shéalainn 19 úd in 43 cluiche leis na Highlanders.

Bhí Glasgow sa chlucihe leath-cheannais den Pro 14 anuraidh freisin agus bhuail na Scarlets iad sa chluiche sin.Tá Glasgow, faoi stiúr Dave Rennie, ag imirt go maith faoi láthair, bhuaigh siad an ocht gcluiche deiridh san Guinness Pro 14, ina measc an cluiche i gcoinne Ulaidh 30 – 7.

Cé go raibh Ulaidh i gcluichí leathcheannais agus ceannais den chomórtas seo cheana, tá sé trí bliana déag ó bhuiagh siad an comórtas, sin an Celtic League mar a bhí ann ag an am, bhuiagh siad é in 2006.

Laighin v Mumha – Dé Sathairn 15:00

Chas na foirne céanna ar a chéile san RDS sa chluiche leath cheannais den Guinness Pro 14 anuraidh agus bhí an bhua le Cúige Laighean le haon phointe amháin, 16 – 15.

Tá gortaithe go leor ag cur as d’imreoirí Chúige Laighean. Ghortaigh Joe Tomane teannán na hioscaide le linn seisiún traenalá an tseachtain seo caite agus ní bheidh se ar fáil agus tá an scéal céanna amhlaidh maidir le Barry Daly, Mick Kearney, Dan Leavy agus Adam Byrne.

Is é an dea-scéala do Chúige Laighean gur thosnaigh beirt imreoirí dá gcuid ag traenáil arís tar éis a bheith gortaithe, is iad sin Jamison Gibson-Park agus Josh van der Flier agus beidh an bheirt acu ar fáil don chluiche san RDS.

Maidir leis na Muimhnigh, ghortaigh Jeremy Loughman teannán na hioscaide agus ní bheidh sé ar fáil. Tá Ryhs Marshall ag teacht chuige féin d’réir a chéile ach níl aon chinnteacht ann go mbeidh sé ullamh don chluiche, ach bhí Tommy O’Donnell agus Fineen Wycherley ar ais ag traenáil an tseachtain seo agus tá an Johann Van Graan ag súil go mbeidh siad ullamh.

Dheimhnigh Tadhg Beirne an tseachtain seo go bhfuil síneadh ama curtha le na chonradh go dtí Mí Mheithimh 2022. D’aistrigh sé go Cúige Mumhan an Samhradh seo caite ar chonradh dhá bhliain agus tá síneadh dhá bhliain eile aontaithe aige leis an Chúige.

Bhí dea scéala eile acu an tseachtain seo i gCúige Mumhan, tá an leathchúlaí clibirte, Craig Casey, ar bronnadh an gradam imreoir na bliana san Acadamh ar cúpla seachtain ó shin, tar éis a chéad chonradh gairmiúil a aontú le Cúige Mumhan, dea scéala gan dabht don Chúige agus don imreoir óg scór bliana d’aois.

Ar an lámh eile, d’fhógair cóitseálaí na dtosach Jerry Flannery agus cóitseálaí na gcúlaithe Felix Jones nach raibh siad ag glacadh leis an tairiscint ar chonradh nua le Cúige Mumhan agus go mbeadh an bheirt acu ag fágáil an chúige an Samhradh seo.

 

Share this article