Guinness PRO14 Babhta 20

Harry Everett
12 April 2019

Share this article

Anois nó riamh do na Connachtaigh agus na hUltaigh agus muid ag druidim le deireadh an tséasúir sa Guinness PRO14

 

Connachta v Cardiff Blues – Dé Sathairn 15:30

Is cluiche cinniúnach é seo do Chúige Chonnacht, an cluiche deiridh sa mbaile san Guinness Pro14 an séasúr seo.

Má éiríonn leo na Cardiff Blues a chloí sa Sportsground, beidh siad tríd go dtí na cluichí leathcheannais cáilaithe san Guinness Pro14 agus cinnteoidh sé go mbeidh siad ag imirt i gCorn an hEorpa an séasúr seo chugainn.

Tá Glasgow Warriors agus Cúige Mumhan ag barr Rann A. Tá 56 pointe ag Connachta, 52 ag na Blues agus 49 ag na hOspreys. Seo an dara cluiche deiridh sraithe san Guinness Pro 14, beidh cluiche deacair ag na Connachtaigh i gcoinne Chúige Mumhan sa chluiche deiridh i Luimneach agus Cúige Mumhan ag iarraidh críochnú ar bharr Rann A.

Casfaidh na Cardiff Blues agus Ospreys ar a chéile sa chluiche deiridh sraithe.

Bhí lámh in uachtar ag na Blues sa chluiche chluiche deiridh i gcoinne Chúige Chonnachta – pointe amháin a bhí idir na foirne, 8 – 7 nuair a chas siad ar a chéile i Mí Eanáir i gCardiff.

D’fhéadfaí a rá go raibh an t-ádh ar na Connachtaigh san Iodáil an Satharn seo caite nuair a bhuail siad Zebre 6 – 5  an chéad uair a bhuaigh siad cluiche as baile le ceithre mhí anuas.

Agus beidh Connachta lán dóchais an deireadh seachtaine seo agus na himreoirí idirnáisiúnta Bundee Aki agus Quinn Roux ar fáil don chluiche seo.

Benetton v Mumha – Dé hAoine 19:00

Tá Cúige Mumhan san dara háit i Rann A, trí phointe chun deiridh ar Glasgow Warriors, ach beidh an dá fhoireann ag iarraidh críochú in uachtar rud a chinnteodh cluiche leath cheannais sa mbaile.

Tá Rann B buaite cheana féin ag Cúige Laighean agus iad fiche pointe chun tosaigh, ach tá dian iomaíocht do don dara agus don triú háit.

Níl ach naoi bpointe idir na foirne ón triú go dtí an séú háit. Tá 54 pointe ag Cúige Uladh, 52 ag Benetton, 51 ag Edinburgh agus 45 ag na Scarlets.

Mar sin tá an cluiche seo idir Benetton agus Mumha an tábhachtach don dá fhoireann. Mar sin féin, is cosúil nach mbeidh Johann van Graan ag tabhairt an fhoireann is láidre chuig na hIodáile.

Ceaptar nach mbeidh Peter O’Mahony, Conor Murray agus Jean Kleyn  ag déanamh an turais, tá Joey Carbery gortaithe agus níl aon chinnteacht faoi Keith Earls.

Bhí dea scéala ag Cúige Mumhan an tseachtain seo mar  gur aontaigh Van Graan conradh dhá bhliain a shíniú go 2022 mar bhainisteoir. Ceapadh Van Graan ina bhainsteoir i Mí na Samhna 2017 agus faoina cheannas, d’imir Cúige Mumhan i gcluichí leathcheannais an Guinness Pro 14 agus Chorn na hEorpa ina chéad bhliain.

Tá Benetton láidir agus fisiciúil agus má éiríonn leo an cluiche seo a bhuachaint agus Zebre a chloí ina gcluiche deiridh, beidh siad ag súil le críochú san dara nó an triú háit i Rann B.

Laighin v Glasgow Warriors – Dé Sathairn 15:00

Tá Rann B buaite ag Cúige Laighean tá siad fiche pointe chun tosaigh agus gan ach dhá chluiche fágtha.

Beidh fonn ar Leo Cullen cluiche a thabhairt do roinnt de na himreoirí idirnáisiúnta a bhí gortaithe agus iad ag ullmhú do chluiche leathcheannais Chorn an hEorpa i gcoinne Toulouse seachtain ón deireadh seachtaine seo.

Ceaptar go mbeidh Devin Toner agus Robbie Henshaw ar fáil don chluiche seo i gcoinne na Glasgow Warriors, níor imir ceachtar acu ó gortaíodh iad i gcluiche na Sé Náisiún i gcoinne Shasana.

Tá Johnny Sexton fós ag fáil comhar leighis agus ceaptar nach mbeidh sé ar fáil an deireadh seachtaine seo ach go bhfuil chuile seans aige don chluiche i gcoinne Toulouse.

Tá Glasgow ar uachtar Rann A,  ach níl siad ach trí phointe chun tosaigh ar Chúige Mumhan.

Beidh Glasgow i gcoinne Edinburgh sa chluiche deiridh sraithe mar sin beidh an-iomaíocht ar bharr Rann A agus gan fágtha ach dhá chluiche sraithe roimh na cluichí leath cheannais.

Edinburgh v Ulaidh – Dé hAoine 19:35

Tá an dá fhoireann seo i Rann B na hUltaigh sa dara háit agus Edinburgh sa cheathrú háit.

Tá 54 pointe ag Ulaidh agus 51 ag Edinburgh  agus tá ceithre fhoireann ar fad san iomaíocht le na chéile le críochnú san dara agus san triú háit agus cáiliú do na cluichí leath cheannais.

Beidh Edinburgh ag súil leis an chluiche seo a bhuachaint. Tá siad ag imirt sa mbaile agus beidh cluiche mór eile acu sa chluiche deiridh sraithe nuair a chasann siad ar a gcomharsain Glasgow.

Beidh Ulaidh sa mbaile i gcoinne Chúige Laighean ina gcluiche deiridh sraithe.

Níor chaill Edinburgh ach cluiche amháin sa mbaile sa Guinness Pro 14 le bliain anuas,  sin nuair a bhuail na Cardiff Blues iad ar an triú lá fichead de Mhí Feabhra anuraidh. Maidir le Ulaidh, bhí ceithre chluiche as a chéile buaite acu sa Guinness Pro 14 gur bhuail Glasgow iad ar an Aoine seo caite. Ní raibh ach an bhearna is lú idir na foirne seo nuair a chas siad ar a chéile i mBabhta a 2 an séasúr seo, bhuaigh Edinburgh an cluiche sin 30 – 29.

Share this article