Guinness PRO14: Babhta 17 – gan ach cúig cluiche fágtha le himirt sna réamhbhabhtaí

Adam Redmond
01 March 2019

Share this article

Guinness PRO 14 – Babhta 17

Scarlets v Mumha

Dé Sathairn 17:00

Chinntigh bua thábhachtach Chúige Mumhan i Stáid Liberty i gcoinne na Ospreys go bhfanann siad ar bharr Rann A, ach tá Glaschú sna sála acu, agus iad pointe amháin taobh thiar dóibh.

Agus léirigh Tadhg Beirne a thábhacht do fhoireann na Mumhan. Ba é sár imreoir an cluiche i Stáid Liberty, ba é a ba chúis le úd pionóis na Muimhnigh chomh maith le sár chosaint sna nóiméidí deireannacha den chluiche agus na hOspreays ag lorg an scór a bhéarfadh an bhua dóibh.

Beidh foireann na Mumhan ag pilleadh ar an Bhreatain Bheag an deireadh seachtaine seo arís, casfaidh siad ar na Scarlets tráthnóna Dé Satharn. Tá na Scarlets san cúigiú háit i Rann B agus daichead agus a haon pointe sraithe acu.

Ní bheidh C J Stander ná Joey Carbery ar fáil an deireadh seachtaine seo, tá Stander ag teacht chuige féin le foireann na Mumhan agus tá Carbery ag fáil comhar leighis agus é le foireann na hÉireann.

Ní bheidh Chris Cloete ar fáil ach a n-oiread, fuair seisean buille sa cheann an deireadh seachtaine seo caite agus ní fios an mbeidh Ciaran Parker tagtha chuige féin ghortaigh seisean teannán a ioscaide.

Tá gach seans go nglaoifar isteach ar Thadhg Beirne go painéal na hÉireann taréis éachtaí an deireadh seachtaine seo caite  agus tá Brian Scott, James Cronin, Dave O Callaghan, Tommy O’Donnell agus Sammy Arnold fós ag fáil comhar leighis agus ní bheidh siad ar fáil do chluiche na Scarlets.


Dragons v Ulaidh

Dé Domhnaigh 13:00

Tá rith a ráis le Cúige Laighean ag barr Rann B, ach tá ana choimhlint idir na foirne san dara agus san triú háít. Tá 46 poinnte ag Benetton agus 44 poinnte ag na hUltaigh sa chomórtas.

Beidh Cúige Uladh sa Bhreatain Bheag an deireadh seachtaine seo chugainn freisin agus casfaidh siad ar na Dragons nach bhfuil ach ceithre chluiche buaite acu sa Guinness Pro 14.

Beidh Kieran Treadwell in easnamh ar na hUltaigh, fuair seisean buille sa cheann an deireadh seachtaine seo caite. Ach seachas sin, ceaptar nach bhfuil aon ghortaithe eile ag cur as d’fhoireann Dan Mc Farland.

Bhuail siad Zebre an deireadh seachtaine seo caite agus d’éirigh le Rob Herring trí úd a scóráil sa chluiche sin agus bhuaigh siad leis an scór 54 a 7.

Beidh trí fhoireann ó Rann A agus Rann B ag cáiliú do Chraobh na hEorpa mar sin agus gan ach 6 chluiche sraithe fágtha sa Guinness Pro 14, tá sé tábhachtach do na hUltaigh fanacht san triú háit nó níos airde. Tá Dún Éideann dhá phointe taobh thiar dóibh agus na Scarlets trí phointe.

Buaileadh na Dragons an deireadh seachtaine seo caite, bhuail Benetton iad leis an scór 57 a 7, bhí na Dragons ag imirt sa bhaile agus cuireadh dhá úd eile a scóráil Benetton ar ceal. Tá Benetton san dara háit i Rann B.


Laighin v Na Cheetahsc

Dé hAoine 19:35

Tá Cúige Laighean dhá phointe agus fiche chun tosaigh ar bharr Rann B agus an deireadh seachtaine seo caite, bhuail siad an fhoireann atá ag bun na Roinne sin, na Southern Kings.

Beidh an fhoireann eile as an Aifric Theas ina gcoinne Cúige Laighean san RDS an deireadh seachtain seo, sin iad na Toyota Cheetahs.

Tá Rhys Ruddock ag teacht chuige féin i gcónaí, ghortaigh sé teannán a ioscaide agus é i mbun traenalá coicíos ó shin, ach níl sé deimhnithe fós an mbeidh sé ar fáil don chluiche seo.

Tá Dan Leavy ag fáil comhar leighis i gcónaí, ghortaigh sé a chois sa chluiche i gcoinne Chonnachta roimh an Nollaig agus an baol ann nach mbeidh aon chluiche aige i gcomórtas na Sé Náisiún i mbliana.

Ghortaigh Luke Mc Grath a ghlúin agus ní bheidh sé ar fáil an deireadh seachtaine seo, tá Mick Kearney ag fáil comhar leighis an tseachtain seo, ghortaigh sé a ghualainn i gcoinne na Southern Kings tráthnóna Dé hAoine seo caite.

Ach is dea scéala é do Laighin go bhfuil Joe Tomane, Will Connors agus Nick Mc Carthy ar ais i mbun traenalá, cé go bhfuil Devin Toner fós ag fáil comhar leighis taréis obráide ar a rúitín. Tá Scott Fardy théis conradh bliana a shíniú leis an fhoireann fresin.


Connachta v Ospreys

Dé Sathairn – 14:45

Bhí bua shuntasach ag Glaschú i gcoinne Cúige Chonnachta an deireadh seachtain seo caite. Tá an choimhlint don triú háit i Rann B, tá 42 poinnte idir na Cardiff Blues agus Connachta, 39 pointe ag na Ospreys agus 36 poinnte ag na Toyota Cheetahs.

Agus an deireadh seachtain seo, beidh na Ospreys ag déanamh an turais go Gaillimh agus beidh an cluiche seo fíor thábhachtach don dá fhoireann agus gan ach 6 chluiche fágtha sa Guinness Pro 14 an séasúr seo.

Bhí an-éigcinnteach faoi thodhchaí na bhfoirne ón Bhreatain Bheag agus bhí go leor ráflaí ann go raibh an baol ann go mbeadh ar na Ospreys comhnascadh leis na Cardiff Blues ach is cosúil go bhfuil gach rud socruithe le Cumann Rugbaí na Breataine Bige tar éis cainteanna an Aoine seo caite.

Ach fiú leis an dea scéala sin, fuair Cúige Mumhan an ceann is fearr ar na Ospreys ar an Aoine seo caite le na mbua 19 a 13.

Bhí an chluiche ag Kieran Marmion i gcoinne Ghalschú, mar a bhí ag beirt de na hionadaithe, Paul Boyle agus Peter Robb. Ba é seo an chéad chluiche a bhí ag Robb tar éis briseadh fada agus é gortaithe. D’imir Jack Carty a chéad chluiche do Éireann i gcoinne na hIodáil agus é ag súil áit a bhaint amach le fhoireann Joe Schmidt amach anseo.

Share this article