Babhta 10 Guinness PRO14

Adam Redmond
30 November 2018

Share this article

Babhta 10 Guinness PRO14

MUMHA V EDINBURGH

Dé hAoine 19:35

Bhí foireann na Mumhan san Iodáil an deireadh seachtaine seo caite – bhuail siad Zebre 32 – 7 ar an Domhnach – agus tá siad ar ais i mbun imeartha ar an Aoine beag seo san Guinness Pro 14 i gcoinne Dhún Éadan san Irish Independent Park.

Tá na himreoirí idirnáisiúnta ar fad ar ais i mbun traenála leis an fhoireann an tseachtain seo – chomh maith le Rónán O’Mahony, Conor Murray, Chris Farrell agus Conor Oliver – d’imir siad ceathrar a gcéad chluiche i mbliana i gcoinne Zebre – agus tá siad ar fáil arís ar an Aoine seo.

Ach níl siad ró chinnte faoi Darren Sweetman – ghortaigh seisean a dhroim agus é ag imirt le foireann na hÉireann ar an Satharn seo caite.

Tá trí chluiche as a chéile buaite ag an Mhumhain anois san Guinness Pro 14 – agus iad ag iarraidh an brú a choinneáil ar Ghlaschú atá suite ar bharr Rann A.

De réir a chéile, tá Conor Murray ag teach chuige féin ón ghortú muinéil a chur as go mór dó – tháinig se isteach mar ionadaí i gcoinne Zebre i mbabhta a naoi na sraithe.

Anocht, is iad Dún Éadan na cuairteoirí go Páirc Irish Independent – tá muintir na hAlban san ceathrú háit i Rann B.

Ach níl Richard Cockerill ró shásta leis an líon cluichí atá le h-imirt acu in am gearr, d’imir siad na Dragons ceithre lá ó shin.


DRAGONS V LAIGHIN

Dé Sathairn 17:10

In ainneoin go raibh mórán d’imreoirí Laighean ar iarraidh an deireadh seachtaine seo caite agus iad le foireann na hÉireann, chruthaigh na himreoirí óga ar an phainéal a gcumas agus a neart.

Bhuail siad na hOspreys 52 – 7. Bhí sár chluiche ag an ógánach Ciarán Frawley agus é an- chruinn leis na ciceanna pionóis – d’imir Scott Penny a chéad chluiche sinsir le Laighin agus scóráil sé úd – is cinnte go raibh an bainisteoir Leo Cullen bródúil as a dtaispeántas.

Bhí obráid bheag ag Jordan Larmour ar a ghlúin ach mar sin féin tá sé ag súil a bheith ar ais i mbun traenalá an tseachtain seo chugainn.

Ghortaigh Jack Conan a ghualainn agus é ag imirt le foireann na hÉireann i gcoinne na Stáit Aontaithe – scóráíl Conan úd sa chluiche sin.

Gortaíodh Nick Mc Carthy sa chluiche Pro 14 i gcoinne na hOspreys ar an Aoine seo caite agus ní bheidh seisean ar fáil don chluiche seo i gcoinne na Dragons.

Siad curaidh na sraithe Cúige Laighean na cuairteoirí go Rodney Parade le na Dragons a imirt anocht i mbabhta 10.
Tá foireann Leo Cullen ar bharr Rann B agus tá níos mó pointí acu na aon fhoireann eile san dá Rann.

Bhuail na Dragons Dún Éideann an tseachtain seo chaite, bua a bhí ag teastáil go géar ó fir Bernard Jackman.


CHEETAHS V CONNACHTA

Dé Sathairn 15:00

Bhí a gcúigiú bua an séasúr seo ag Connachta san Guinness Pro 14 an Satharn seo caite – bhí bua slachtmhar acu i bPort Elizabeth san Aifric Theas i gcoinne na Southern Kings leis an scór 31 – 14.

Scóráil na Connachtaigh trí úd chomh maith le úd pionóis rud a thug iomlán pointí dóibh sa chluiche seo as baile.

Chinntigh an bhua seo go bhfuil foireann Andy Friend san triú háit i Roinn B le sé phointe agus fiche.

Chaith na Connachtaigh an tseachtain ar fad san Aifric Theas agus an deireadh seachtaine seo casfaidh siad ar na Cheetahs – bhí bua ag na Cheetahs i gcoinne Benetton an tseachtain seo caite 31 – 25.

Sin dhá chluiche buaite ag na Cheetahs san Pro 14 i mbliana, agus tá siad féin agus Zebre ag bun Roinn B agus gan ach pointe amháin a scaradh.

Share this article