Tá Babhta 8 Guinness PRO14

Adam Redmond
02 November 2018

Share this article

Tá Babhta 7 Guinness PRO14: Béim ar doimhneacht na bpainéal le cluichí idirnáisiúnta mhí na Samhna faoi lán seoil

CONNACHTA v DRAGONS

Dé Sathairn, @ 16:55

Beidh lucht tacaíochta na Connachtaigh ag súil leis na Dragons a bhuaileadh an deireadh seachtaine seo tar éis dóibh cluiche an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne na hOspreys a chailleadh sna nóiméad deireannacha.

Maidir leis na Dragons, níor bhua siad aon cheann dá 36 cluiche deireanach as a chéile as baile sa Guinness Pro 14. Bhua siad a gcluiche deiridh as baile i mí Márta 2015 nuair a bhuail siad Benetton san Iodáil.

Is ag aimsiú úid an fhadhb is mó atá acu. Níl aimsithe acu ach trí cinn déag san Guinness Pro 14 i mbliana, an líon is lú ag aon fhoireann san dá rann. Tá beirt dá leathchúlaithe, Arwel Robson agus Gavin Henson gortaithe agus mar gheall ar sin bhí ar na Dragons iar imreoir dá gcuid Jason Tovey arís.

Bhí Connachta 17 – 3 chun deiridh i gcoinne na Ospreys an tseachtain seo caite. Ach le sár imirt ó Bundee Aki, chuaigh siad i gceann oibre sa dara leath – ach faraor chinntigh scór Dan Evans sna nóiméad deiridh nach raibh an bua in ann dóibh.

Níor bhuaigh siad dhá chluiche as a chéile le beagnach bliain. Níl siad ag imirt go maith as baile, seachas an bua sin i gcoinne na hUltaigh i mBéal Feirste roinnt seachtainí ó shin.


Toyota Cheetahs v Mumha

Dé Domhnaigh, @ 17:25

Chinntigh sár chic pionóis Rory Scannell bua iontach do na Muimhnigh an deireadh seachtaine seo caite – agus chinntigh an bua seo go bhfuil siad san iomaíocht arís ar bharr Rann A.

Ba cheart don cluiche dian sin i gcoinne Ghlaschú tuilleadh fuinnimh a chur isteach ina bhfeachtas i mbliana sa Guinness PRO14 Go dtí sin bhí siad ag stréachailt, ach anois tá siad san triú háit i Rann A agus dhá chluiche as baile acu anois – i gcoinne na Toyota Cheetahs agus Zebre.

Ós rud é go bhfuil na himreoirí idirnáisiúnta ar dualgas i gcluichí na Samhna, tá doimhneacht na bpainéal an tábhachtach. Beidh na Muimhnigh lonnaithe i Johannesburg don deireadh seachtaine agus déanfaidh siad an turas go Bloemfontein don chluiche seo i mbabhta a hocht ar an Domhnach.

Sa bpainéal don chluiche seo, tá ceathrar imreoirí ón Acadamh – Gavin agus Liam Coombes, Shane Daly agus Sean O’Connor.

Tá cúig chluiche caillte ag na Cheetahs go dtí seo sa Guinness Pro 14 i mbliana, ah is maith leo a bheith ag imirt i Bloemfontein tá roinnt cluichí as a chéile sa mbaile acu anois agus beidh siad ag súil le dhul in airde i Rann A sna seachtainí beaga atá romhainn amach.


SOUTHERN KINGS V LAIGHIN

Dé Domhnaigh @ 17:25

Bhí Cúige Laighin i mbarr a maitheasa an deireadh seachtaine seo caite. Bhuail siad Benetton gan stró, fuair siad pointe bónais agus tá siad ina shuí go compórdach anois ar bharr Rann B. Ainmníodh Jamison Gibson Park mar laoch na hImeartha agus beidh sé ríthábhachtach dhóibh agus na himreoirí idirnáisiúnta ar dualgas le Éirinn i Meiriceá.

Dheimhnigh Felipe Contempomi go raibh obráid ag Fergus Mc Fadden an deireadh seachtain seo caite. Bhain droch ghortú do theannán a ioscaide agus beidh sé ar an taoibh líne ar feadh ceithre mhí leis an ghortú sin. Ghortaigh Rob Kearney a ghualainn sa chluiche sin i gcoinne Benetton. Tá Kearney ar phainéal na hÉireann do chluichí idirnáisiúnta na Samhna agus déanfaidh lucht leighis an IRFU scrúdú arís an tseachtain seo chugainn.

Bhí sé beartaithe ag Dave Kearney filleadh ar ais ag traenáil an tseachtain seo tar éis gortú s’aigeasan.

Tá na Kings suite ag bun Rann B agus beidh siad ag súil leis an chluiche seo. Ní bheidh sé éasca ag na Kings an ceann is fearr a fháil ar na Seaimpíní. – níl buaite acu ach cluiche amháin sa Guinness Pro 14 an séasúr seo.

Share this article