Na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís i mbabhta 6

Adam Redmond
04 October 2018

Share this article

Na cúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís i mbabhta 6.

Ulaidh v Connachta, Dé hAoine @ 21:45

Cuirfidh na hUltaigh fáilte roimh na Connachtaigh

Bhí a gcéad chluichí san Pro 14 i mbliana caillte ag Cúige Ulaidh, rinne an Mhumhain slad orthu ar an Satharn seo caite 64 – 7, an chailliúint a ba mheasa riamh. Bhí an fhoireann buailte go dona ag gortuithe agus chaill siad Iain Henderson agus John Cooney ag tús an chluiche.

Beidh Rory Best, Jacob Stockdale agus Sean Reidy ar ais ag traenáil leis an fhoireann agus beidh siad ar fad ag súil go mbeidh siadar fáil do chluiche mór an tSathairn i Staid Kingspan Guinness PRO14.

Beidh príomh chóitseálaí Chonnachta, Andy Friend, ag súil go mbeidh a fhoireann níos láidre théis Chúige Laighin Dé Satharn seo caite. Ní raibh na Connachtaigh in ann línte cosanta Laighin a bhriseadh. Rinne na Connachtaigh go leor botúin sa chluiche sin – ghéill siad 15 cic pionóis le linn na himeartha.
Beidh siad i gcoinne Ulaidh an Satharn seo chugainn agus tá Friend ag súil go mbeidh Jarrad Butler ullamh don chluiche.

Laighin v Mumha, Dé Sathairn @ 20:15

Beidh Cúige Laighin sa mbaile i gcoinne na Muimhnigh

Bhí bua ollmhór ag Cúige Mumhan ar na hUltaigh Dé Satharn seo caite. Scóráil siad naoi n-úd agus thug leath chúlaithe Joey Carbery sár thaispeántas os comhar Joe Schmidt.
Ba é seo an scór a b’airde a d’aimisgh Cúige Mumhan san Guinness Pro 14 agus an líon is mó úd in aon chluiche. Tá an triúr agus fiche imreoir, a bhí ar an bpáirc i gcoinne na nUltach, réidh le dhul i mbun coimhlinte arís.

Dea scéala eile ó Chúige Mumhan – tá Tyler Bleyendaal, a raibh droch ghortú muinéil, ar ais i mbun traenalá leis an fhoireann.
Bhí bua mhaith ag Cúige Laighin i gcoinne Chonnachta an Satharn seo caite, a bhuíochas sin do úid ó Garry Ringrose agus Sean Cronin.

Léirigh siad a n-ábaltacht agus a gcumas. Thug a gcaptaen Johnny Sexton sár thaispeántas. Ciallaíonn an bua sin go bhfanann Laighin ar bharr Roinn B.
Tháinig Sean O’Brien, nár imir ón Aibreán seo caite, isteach mar ionadaí. Beidh Dan Leavy, James Ryan agus Jack Mc Grath ar ais ag traenáil leis an fhoireann agus beidh siad ar fad ag súil go mbeidh siad aiclí agus ar fáil do chluiche mór an tSathairn san Aviva sa Guinness PRO14.

Share this article