Réamhamharc cúigí na hÉireann Babhta 3 Guinness PRO14

Adam Redmond
13 September 2018

Share this article

Marmion

Dún Éideann v Connachta, Dé hAoine 19:35

Beidh Connachta ag tabhairt aghaidh ar an gcéad chluiche as baile den séasúr agus roinnt de na himreoirí is tábhachtaí atá acu ar fáil dóibh. Chuaigh Kieran Marmion agus Quinn Roux chun páirce an tseachtain seo caite in aghaidh Zebre agus ba chóir go seasfaidh sin dóibh. Ó tharla Tom Farrell ar iarraidh mar gheall ar thinneas boilg, is é Bundee Aki a rachaidh chun páirce ina áit – an chéad chluiche aigesean leis an bhfoireann.

Ní haon chluiche éasca a bheidh i Murrayfield mar nach mbíonn foireann Dhún Éideann sásta riamh go mbuailfí sa bhaile iad. Bhí an mí-ádh ceart ar Dhún Éideann nuair a chaill siad in aghaidh Uladh an tseachtain seo caite agus spreagfaidh sin anois iad féachaint an ceann is fearr a fháil ar Chonnachta.


Mumha V Ospreys, Dé hAoine 19:35

I ndiaidh do Glasgow Warriors an ceann is fearr a fháil ar Mhumha an tseachtain seo caite, beidh díocas ar Mhumha a Ospreys a chloí ar Pháirc Irish Independent i gCorcaigh an tseachtain seo. D’fhéadfadh go gcuirfí imreoir nua na foirne, Tadhg Beirne, chun páirce chomh maith le Joey Carbery, a chuaigh chun páirce an tseachtain seo caite. Tá na Ospreys ag barr Ghrúpa A agus tá an dá chluiche a bhí acu go dtí seo sa tsraith PRO14 Guinness buaite acu sa bhaile in aghaidh Dhún Éideann agus na Cheetahs.

Níor éirigh le fir na Breataine Bige ach buachan as baile faoi dhó i gCraobhchomórtas an tséasúir sep caite agus níl aon chluiche as baile buaite acu lasmuigh den Bhreatain Bheag ó fuair siad an ceann is fearr ar Dhún Éideann i Márta 2017. Beidh Mumha ag súil a bheith ag buachan arís.


Laighin v Dragons, Dé Sathairn 17:15

Cé go raibh roinnt d’imreoirí mór le rá Laighean ar ais ar an bpáirc an tseachtain seo caite, níorbh leor sin agus fuair ceann de na foirne is mó a bhfuil barrúil di i gcomórtas na bliana seo an ceann is fearr orthu. Síleann go leor go rachaidh cluiche crua mar seo chomh luath seo sa chomórtas chun leasa Cian Healy, Robbie Henshaw agus Jack Conan.

Beidh tuilleadh d’imreoirí idirnáisiúnta na hÉireann ag dul chun páirce an tseachtain seo agus beidh Bernard Jackman na nDragan faoi bhrú san RDS tráthnóna Dé Sathairn dá réir. Ní cluiche réidh a bheidh ann.


Southern Kings v Uladh, Dé Domhnaigh 14:15

Rachaidh na Southern Kings chun páirce dá gcéad chluiche baile an séasúr seo. Is mór an faoiseamh dóibh sin agus iad buailte go dona sa dá chluiche atá imeartha go dtí seo acu. D’fhéadfadh go mbeadh sé deacair ag Ulaidh socrú in achar gearr. Beidh misneach maith acu i ndiaidh dóibh Dún Éideann a chloí ag baile sa chluiche deireanach.

Tá John Cooney ag imirt thar cionn faoi láthair agus ó tharla imreoirí ar nós Jacob Stockdale agus Craig Gilroy ar na cliatháin, beidh Ulaidh sa gcomhaireamh i gcónaí.

Share this article